Táirgí a dhíol go sábháilte san Aontas
Ceanglaítear le rialacha an Aontais nach mór gach táirge a dhíoltar san Aontas a bheith sábháilte, gan beann ar an áit a ndearnadh iad. Más monaróir nó gnólacht thú, gach margadh agus díoltóir ar líne san áireamh, a bhfuil baint agat le táirge a dhíol ar mhargadh an Aontais, ní mór duit a chinntiú go gcomhlíonann an táirge an reachtaíocht is infheidhme maidir le sábháilteacht táirgí en .
Faigh tuilleadh eolais faoi na hoibleagáidí go léir a bhaineann le do ghnó agus le sábháilteacht táirgí en .
Safety Gate: táirgí neamhshábháilte a thuairisciú
Tá sé d’oibleagáid ar údaráis náisiúnta an Aontais rialú a dhéanamh ar tháirgí atá ar díol chun a sheiceáil go bhfuil siad sábháilte. Má aimsíonn siad táirge a d’fhéadfadh, mar shampla, dochar a dhéanamh do thomhaltóirí nó damáiste a dhéanamh don chomhshaol, déanfaidh siad bearta chun a chinntiú go dtógfar an táirge amach as an margadh nó chun a dtrádáil a chosc.
Tá sé d’oibleagáid freisin ar gach monaróir agus ar gach gnólacht eile a bhaineann le dáileadh nó díol táirge bearta a dhéanamh má mheasann siad go bhfuil ceann dá dtáirgí neamhshábháilte. Mar shampla, is féidir leo a gcuid táirgí a scriosadh, a tharraingt siar agus a aisghairm óna gcustaiméirí chun aon timpistí a sheachaint.
Sna cásanna sin go léir, tuairiscítear na gníomhaíochtaí a rinneadh ar Safety Gate en , córas a cruthaíodh chun eolas a mhalartú faoi bhearta a rinneadh i gcoinne táirgí contúirteacha neamhbhia ar leibhéal an Aontais. Níl táirgí talmhaíochta agus cógaisíocht ina measc sin, toisc go bhfuil a gcórais foláirimh féin acu.
Más monaróir, dáileoir nó ionadaí údaraithe thú agus má chreideann tú nach gcomhlíonann ceann de na táirgí atá ar díol agat ceanglais an Aontais, ní mór duit bearta a dhéanamh a luaithe is féidir chun nach ndéanfar dochar do thomhaltóirí agus na bearta a rinneadh a thuairisciú do d’údarás náisiúnta tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht en .
Warning
Tabhair do d’aire nach féidir leat an uirlis tuairiscithe seo a úsáid ach amháin más monaróir, dáileoir nó ionadaí údaraithe thú.Aisghairm táirgí neamhshábháilte
Má mheasann do ghnólacht go bhfuil ceann de do tháirgí contúirteach, agus más amhlaidh go bhfuil sé ar an margadh cheana féin, ní mór duit beart a dhéanamh trí fhógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht en agus é a aisghairm láithreach.
Faigh tuilleadh eolais faoi aisghairmeacha agus an fáth a bhfuil siad tábhachtach do do ghnó en .
Má bhíonn aon cheist agat faoin bpróiseas sin nó más mian leat aon rud a fhíorú, déan teagmháil le do phointe teagmhála náisiúnta en .