Oibrithe trasteorann agus oibrithe ar postú
Mar fhostóir, is féidir leat fostaí a sheoladh chun obair a dhéanamh i dtír eile de chuid an Aontais ar feadh tréimhse theoranta. Ag an bpointe sin, is ‘oibrí ar postú’ é d’fhostaí. Le linn na tréimhse postála, ní mór duit na coinníollacha agus téarmaí fostaíochta céanna a ráthú dóibh is atá i bhfeidhm sa tír de chuid an Aontais ina n-oibreoidh siad ach amháin i gcás ina bhfuil na coinníollacha níos fabhraí sa tír bhaile.
- Baill foirne a phostáil i dtír eile
- Tiománaithe a phostáil bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
Is éard is oibrithe trasteorann ann daoine a bhíonn ag taisteal go rialta idir a dtíortha baile agus a dtíortha oibre agus atá lánpháirtithe go hiomlán i gcóras saothair na tíre oibre. Má fhostaíonn tú oibrithe trasteorann, tá sé tábhachtach a thuiscint cad iad na rialacha atá i bhfeidhm.
Chun dul ag obair i do thír féin, ní mór do bhaill foirne a bhain a gcáilíochtaí amach i mBallstát eile den Aontas a chinntiú go n-aithnítear a dtaithí agus a ngairm i do thír féin, mar shampla, tríd an gCárta Eorpach Gairmiúil a úsáid.