Plaistigh aon úsáide
Má mhonaraíonn nó má sholáthraíonn tú earraí plaisteacha aon úsáide, ba cheart duit a bheith ar an eolas faoi rialacha an Aontais darb aidhm laghdú a dhéanamh ar thionchar táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol.
Táirgí coiscthe
Tá cosc ar tháirgí ar earraí plaisteacha aon úsáide iad a mheastar a bhfuil roghanna malartacha inbhuanaithe ann ina leith atá ar fáil go héasca ar phraghas réasúnta.
Earraí plaisteacha a bhfuil cosc orthu san Aontas (amhail ó 2021):
- cipíní baitín cadáis*
- sceanra (foirc, sceana, spúnóga, cipíní itheacháin)
- plátaí
- soip*
- meascthóirí dí
- cipíní balúin
- coimeádáin bhia agus dí atá déanta as polaistiréin bhorrtha
- cupáin dí atá déanta as polaistiréin bhorrtha
- gach táirge atá déanta as plaisteach ocsó-indíghrádaithe.
Warning
* Ceadaítear cipíní baitín cadáis agus soip phlaisteacha i gcomhthéacs leighis.Ceanglais maidir le lipéadú
Éilíonn táirgí áirithe marcanna soiléire caighdeánaithe chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:
- roghanna iomchuí bainistithe dramhaíola,
- plaisteach a bheith sa táirge,
- tionchar diúltach an bhruscair ar an gcomhshaol.
Seo a leanas na táirgí a bhfuil lipéid ag teastáil ina leith:
- pillíní sláintíocha, súitíní agus forchuradóirí súitíní
- ceirtíní taise
- táirgí tobac a bhfuil scagairí ag gabháil leo
- cupáin le haghaidh deochanna
Soláthraíonn an tAontas Eorpach na sonraíochtaí comhchuibhithe marcála agus na picteagraim ina veicteoirí is féidir leat a íoslódáil en . Ní mór duit a chinntiú go bhfuil an lipéad priontáilte go díreach ar an táirge nó ar a phacáistíocht, é sa mhéid ceart, sa dath ceart agus san áit cheart mar atá leagtha amach sna sonraíochtaí AE en .
[Gailearaí íomhánna]
Ceanglais maidir le dearadh
I gcás coimeádáin dí suas le 3 lítear, ní mór caipíní agus claibíní a fhanann ceangailte díobh a bheith acu le linn na húsáide atá beartaithe don táirge.
Ina theannta sin, féadfaidh tíortha an Aontais bearta éagsúla a fhorchur chun a chinntiú go mbeidh 25% ar a laghad de phlaisteach athchúrsáilte (buidéil PET amháin) i ngach buidéal dí plaisteach aon úsáide ar an meán faoi 2025 agus 30% (gach buidéal) faoi 2030.
Freagracht leathnaithe táirgeora
Is é is freagracht leathnaithe táirgeora (EPR) ann nach mór duit, mar chuideachta, an dramhaíl a bhainistiú agus an bruscar a ghlanadh arb iad do tháirgí is cúis leis. Ina measc sin tá costais a chumhdach le haghaidh bailiú dramhaíola, athchúrsáil agus feachtais feasachta poiblí chun truailliú plaisteach a laghdú.
Cé na táirgí a chumhdaítear?
Tá feidhm ag rialacha EPR maidir le cuideachtaí a chuireann na táirgí plaisteacha aon úsáide seo a leanas ar an margadh:
- coimeádáin bhia
- paicéid agus cumhdaigh
- coimeádáin dí
- cupáin le haghaidh deochanna
- málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma
- ceirtíní taise
- balúin
- táirgí tobac a bhfuil scagairí ag gabháil leo
Is féidir leat do chuid oibleagáidí EPR a chomhlíonadh trí pháirt a ghlacadh i scéim náisiúnta EPR. D’fhéadfadh costais agus riachtanais shonracha na scéime a bheith éagsúil i dtíortha éagsúla den Aontas.
Feasacht tomhaltóirí agus spriocanna laghdaithe dramhaíola
Tá oibleagáidí ar gach tír san Aontas tomhaltóirí a chur ar an eolas agus iompar freagrach tomhaltóirí a dhreasú, tomhaltas coimeádán bia agus cupán aon úsáide a laghdú, agus spriocanna bailithe ar leithligh a bhaint amach le haghaidh buidéal suas le 3 lítear. Is faoi gach tír atá sé a chinneadh cén dóigh leis sin a dhéanamh, ach is minic a bhíonn oibleagáidí áirithe ar ghnólachtaí i gceist le rialacha náisiúnta.
D’fhéadfadh sé go gciallódh sin nach mór duit roghanna malartacha inbhuanaithe ar phlaistigh aon úsáide a chur ar fáil do do thomhaltóirí nó iad a chur ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag modhanna míchuí diúscartha dramhaíola.
Féach freisin
Forléargas en lena ngabhann naisc chuig reachtaíocht an Aontais agus chuig reachtaíocht thánaisteach maidir le plaistigh aon úsáide.
Is féidir rochtain a fháil ar eolas náisiúnta thíos.